Is as iardheisceart Thír Chonaill Eithne Ní Ghallchobhair. Tá sí ina scríbhneoir agus ina scéalaí agus tá duaiseanna Oireachtais agus eile buaite aici sa dá cheird. Tá cúig leabhar foilsithe aici: Anathomia Gydo (2004), Súil (2018), Múscail, a Ghiorria (2020), An Craiceann agus a Luach (2021) agus Caithréim agus Tóir (2024). Tá gearrscéalta léi foilsithe in Irish Pages agus Comhar. Tá an-dúil ag Eithne i sean-litríocht na Gaeilge agus sa bhéaloideas ach go háirithe. Glacann sí páirt in imeachtaí scéalaíochta fud fad na hEorpa.
Eithne Ní Ghallchobhair is from south-west Donegal. She is a writer and a storyteller, and has won many awards in both literary genres. She has published four books: Anathomia Gydo (2004), Súil (2018), Múscail, a Ghiorria (2020), An Craiceann agus a Luach (2021) and Caithréim agus Tóir (2024). She has had short stories published in Irish Pages and Comhar. Eithne’s interests focus on medieval Irish literature and folklore. She takes part in storytelling events throughout Europe.
