Súil Amháin – rapper agus file as Lios Tuathail. Bantum ó Chorcaigh agus Rob Mulhern ó Ghaoth a bheirt léiritheoirí ceoil. Tá an-suím aige sa bhéaloideas agus rapálann sé i meascán mearaí do Ghaelscoilis, crua-Ghaoluinn na mbard, nathaíocht Chorca Dhuibhne agus Béarlachas gan dealramh. Tá dúil mhór aige i gcomics Alan Moore, scannáin Tarkovsky, filíocht INNTI agus kinder buenos.Tá sé ag obair ar albam fé láthair le Bantum agus beidh a chéad project iomlán le Tuath (Rob Mulhern) á eisiú i mí na Bealtaine aige. Tá físeán nua acu amuigh fé láthair d’amhrán dar teideal MURDER MACHINE a stiúraigh Danny Sparkes.

Image by Danny Sparkes

Advertisement